Beartas Modhnóireachta

Sa tseirbhís seo, déantar modhnóireacht ar thráchtanna sula bhfoilsítear iad. Ciallaíonn sin go gcaitheann modhnóirí súil ar a scríobhann tú sula mbeidh sé le feiceáil go poiblí.

Is éard is cuspóir leis an modhnóireacht a chinntiú go mbeidh plé cóir ionchuimsitheach ann. Ní úsáidfear an mhodhnóireacht chun cosc a chur ar dhíospóireacht chuí réasúnta faoi na ceisteanna a tharraingítear anuas.

De ghnáth, ceadófar foilsiú tráchtanna má chloíonn siad leis na treoirlínte seo:

  • Go léiríonn siad meas ar dhaoine eile. Níor cheart tráchtanna a dhéanamh a bheadh mailíseach, maslach nó ina n-ionsaí pearsanta ar cháil duine;
  • Nach gríosú chun fuatha iad ar bhonn cine, creidimh, inscne, náisiúntachta, gnéasachta ná aon tréith phearsanta eile;
  • Nach bhfuil eascainí, fuathchaint ná ábhar graosta iontu;
  • Nach bpoiblíonn siad mionsonraí pearsanta príobháideacha ar nós seoltaí poist, uimhreacha gutháin ná seoltaí ríomhphoist;
  • Nach mbriseann siad an dlí, lena n-áirítéar leabhal, sárú cóipchirt agus caint ar son gníomhaíochta mídhleathaí;
  • Go bhfuil siad réasúnta gonta agus gan turscar a sheoladh chuig an tseirbhís;
  • Nach fógraíocht atá iontu ar aon táirgí ná seirbhísí tráchtála. Féadfaidh tú táirgí agus seirbhísí ábhartha a lua fad is a thacaíonn siad leis an trácht atá tú a dhéanamh;
  • Nach ndéanann siad pearsanú ar aon duine ná eagraíocht agus nach maíonn go bréagach gur ionadaí thú d’aon duine ná eagraíocht.
  • Go mbaineann siad le hábhar. Ná cuir teachtaireachtaí isteach nach mbaineann leis an suíomh seo.
  •